Ainm: | Antoine Mac Giolla Bháin | |
Áit Chónaithe: | Baile na Cloiche Móire, Oileán Acla |
Áit Dúchais: | Baile na Cloiche Móire |
Catagóir: | Stairsheanchas |
Fochatagóir: | Díshealbhuithe Áitiúla |
Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Scéal Loinnseacháin:- ba Séamus Ó Loinnsigh a ainm ceart. Ba máistir scoile a bhí ann ach chaill sé a phost de bharr an ólacháin. D’oibir sé ansin do thiarna darbh ainm Mrs. Mac Donnell ag tógáil an chíosa óna daoine. Rinne Ó Loinnsigh leath-mharbh uirthi cionn is gur dhíshealbhaigh sí baintreach sa chomharsanacht i dTóin an Bhaile.
Thóg na gardaí é ach d’éalaigh sé agus d’imigh go hAlbain. Bhí sé féin ins na gardaí in Albain. Chuaigh sé as sin go Meiriceá agus airgead mór ar a chloigeann. | 00:18:36 | |